Deis Eorpach

Caitear suim mhór airgid gach bliain sa Bhruiséil ar chur chun cinn teangacha dúchasacha na hEorpa, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide…

Caitear suim mhór airgid gach bliain sa Bhruiséil ar chur chun cinn teangacha dúchasacha na hEorpa, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tá cláracha éagsúla ann faoina dháiltear amach an t-airgead seo, cláracha ar a bhfuil ainmneacha aduaine orthu ar nós SOCRATES, COMENIUS nó LINGUA.

Cé go gclúdaíonn na cláracha seo teangacha dúchasacha an Aontais Eorpaigh go léir i láthair na huaire ní fhaigheann na mionteangacha ach 4 faoin gcéad den bhuiséad.

Is é is cúis leis sin, a dúirt uachtarán Idirnáisiúnta Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, Neasa Ní Chinnéide, a laghad tuisceana atá ag lucht na mionteangacha ar shofaisticiúlacht an chórais.

READ MORE

Dúirt rúnaí Choiste na hÉireann den bhiúró, Bláthnaid Uí Bhrádaigh, go raibh a lán eagras in Éirinn a raibh tionscnaimh teangadhírithe ar bun acu ach nárbh eol dóibh na cláracha bheith ann.

Chun an pobal a chur ar an eolas faoi na cláracha seo agus faoin chur chuige ab fhearr chun maoiniú a fháil uathu tá cuireadh tugtha ag an choiste don Fhionlannach, Johan Haggman, caint a thabhairt ag seimineár amárach, in Oifig Pharlaimint na hEorpa, Sráid Tí Laighean, Baile Átha Cliath, idir 2pm agus 4pm.

Is é "An Eoraip agus Deiseanna Maoinithe" teideal na hócáide. Is i mBéarla a labharfaidh Johan Haggman. Faoi láthair, tá Haggman ina oifigeach tionscnamh ag an bhiúró sa Bhruiséil agus beidh plé agus ceisteanna i ndiaidh a chuid cainte.

Dírithe ar phobal na Gaeilge ach go háirithe atá an seimineár ach beidh ábhar inspéise ann d'údaráis áitiúla, coistí pobail, comhlachtaí raidió, teilifíse agus foilsitheoireachta, lucht oideachais nó dream ar bith atá i mbun tionscnamh teangabhunaithe.

Déanfaidh Coimisiún na hEorpa athbhreithniú an bhliain seo chugainn ar an airgead a bheidh ar fáil do na mionteangacha. Is mar gheall air sin a bheartaigh an Biúró Eorpach buneolas a thabhairt don phobal faoin chóras.

Eolas: 01-679 4780 nó 01-283 9396